Fionnbarra Ó Brolcháin

 

Fionnbarra"An Dúchas mar Inspioráid Nuálaíoch" - nascann Fionnbarra traidisiún agus nuálaíocht sa chaint leathan inspioráideach seo. Ábhar machnaimh don ré nua gan dabht.

Is iar-ollamh airgeadais é Fionnbarra Ó Brolcháin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit ar bhunaigh sé an lárionad Gaeilge, Fiontar.

Bhí sé ina chathaoirleach ar zamano, gnólacht nua-thionscanta bunaithe ag iar-scoláirí Fiontar atá anois liostaithe ar Stocmhalartáin Bhaile Átha Cliath agus Londain.

Book CoverBhí sé mar ollamh sa Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUI Maynooth) agus ollamh ar cuairt sa Scoil Ghnó Smurfit, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil Michigan, Ollscoil Fordham agus Scoil Eacnamaíochta Helsinki.

Is co-udár (le James J. Kennelly) an leabhair, Capitalising on Culture, Competing on Difference [Blackhall Publishing, 2008] atá dírithe ar nuálaíocht, foghlaim agus ómós áite agus co-eagarthóir (le Joe Mulholland) an leabhair Ireland’s Economic Crisis- Time to Act, bunaithe ar léachtaí Scoil Shamhraidh Mhic a Ghoill 2009. Tá céim innealtóireacht leictreach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) is PhD aige ó Ollscoil Nua Eabhrach (NYU).

Cad é?

Aon lá amháin

Cainteoirí den scoth

20 nóiméad an duine

Inspioráid na bliana!

Coimeád ar an eolas mé!

Banner

Cóipcheart © 2010 Imbolc. Forbartha ag Nós Nua. Deartha ag Nós Nua agus rockettheme.