Eolas Fúinn
Is iad Tomás Ó hAodha agus Bernice Uí Aodha, lánúin pósta a bhfuil ina gcónaí sa cheantar Bhaile Bhúirne, atá ag eagrú an tionóil.
Tá Bernice ina hinnealtóir, agus Tomás ina fhorbróir bogearraí, agus tar éis iad láithreáin idirlín mar ted.com agus bigthink.com a fheiceáil creideann siad go bhfuil deis iontach ann tionól spreagúil Gaeilge a reáchtáil a mheallfadh Gaeilgeoirí den scoth chun a chuid smaointe a roinnt agus chun cumhacht an idirlín a úsáid an inspioráid sin a scaipeadh.

Tá an tionscadal á reáchtáil ar bhonn neamh-bhrabúsach, agus níl baint ag aon dream polaitiúil leis an tionscadal.
Táimid an-bhuíoch de na cainteoirí ar fad, a bhfuil ag tabhairt a gcuid ama chun an aisling seo a fhíorú. Is flaithiúil go mór an mhaise dóibh é!
Cad é?
Aon lá amháin
Cainteoirí den scoth
20 nóiméad an duine
Inspioráid na bliana!

