Michal Mechura

 

 

 

michalImbolc 2010 - Sa chaint seo tugann Michal, ailtire focal.ie, léargas dúinn mar gheall ar an gcóras taobh thiar den suíomh sin.

Is ceardaí ríomhaireachta é Michal Mechura atá ag obair le Fiontar, DCU. Is eisean ailtire na gcóras ríomhaireachta taobh thiar de focal.ie agus logainm.ie, dhá shuíomh a bhfuil clú agus cáil orthu i measc lucht na Gaeilge.

Bhí sé i bhfeighil ar chúrsaí teicneolaíochta san iris leictreonach beo.ie chomh maith i mblianta tosaigh an togra agus chaith sé blianta fada ag obair le Microsoft roimhe sin mar innealtóir bogearraí. Tá céim mháistreachta aige sa ríomhtheangeolaíocht agus tá cúrsa sa ríomhaireacht ilteangach á theagasc aige in DCU.

Dáta Imbolc 2012 Socraithe!

18 Feabhra 2012

Aon lá amháin

Cainteoirí den scoth

20 nóiméad an duine

Inspioráid na bliana!

Coimeád ar an eolas mé!

Fotha Twitter

feileimbolc: An-alt faoi Imbolc i nGaelscéal na seachtaine seo & táimid ag caint leis an 8ú cainteoir - súil agam go mbeidh dea-nuacht againn go luath!

Banner